Cé atá ina Iontaobhaí Carthanais?

Is iad iontaobhaithe carthanais na daoine a fheidhmíonn rialú ar charthanas ar deireadh thiar agus a bhfuil freagracht dhlíthiúil orthu as an gcarthanas.

Cé atá ina iontaobhaí carthanais?

Is iad iontaobhaithe carthanais na daoine a fheidhmíonn rialú ar charthanas ar deireadh thiar agus a bhfuil freagracht dhlíthiúil orthu as an gcarthanas.

  • Más cuideachta é an carthanas, is féidir go dtabharfar ‘stiúrthóirí’ nó ‘comhaltaí boird’ ar na daoine sin freisin.
  • I gcumann neamhchorpraithe – ar cumann é a bhfuil foirm dhlíthiúil aige agus a bhfuil doiciméad rialaithe i bhfeidhm aige – is féidir go dtabharfar comhaltaí coiste orthu. I gcás iontaobhais, bíonn an scéal níos casta in amanna.  Más iad iontaobhaithe an iontaobhais na daoine a chinneann an beartas agus a rialaíonn na sócmhainní, is iontaobhaithe carthanais iad freisin.

Mura bhfuil tú cinnte faoi cé acu atá tú i d’iontaobhaí carthanais nó nach bhfuil, tá sé tábhachtach go seiceálfá struchtúr dlíthiúil do charthanais chun soiléiriú a fháil ar do phost. Tá sé tábhachtach go bhféachfá ar bhunreacht nó ar ghníomhas iontaobhais (‘doiciméad rialaithe’) do charthanais freisin.

Bhí níos mó ná 75,000 iontaobhaí carthanais ann i bPoblacht na hÉireann ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2021.

Más iontaobhaí carthanais thú, seiceáil iontráil do charthanais ar an gClár Carthanas chun a chinntiú go bhfuil do shonraí taifeadta i gceart.

Cé na dualgais dhlíthiúla atá ar iontaobhaí carthanais?

Tá dualgais shonracha ar iontaobhaithe carthanais faoin Acht Carthanas 2009 agus ní mór dóibh deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonann a gcarthanas na ceanglais atá leagtha amach i bpíosaí ábhartha eile reachtaíochta.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na dualgais dhlíthiúla atá ar iontaobhaí carthanais, féach an doiciméad Treoir d’Iontaobhaithe Carthanais uainn.

Na dualgais dhlíthiúla atá ar iontaobhaí carthanais

Áirítear iad seo a leanas leis na píosaí ábhartha eile reachtaíochta:

  • an reachtaíocht cosanta sonraí;
  • an reachtaíocht fostaíochta; agus
  • an reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta.

I gcás gur cuideachta é an carthanas, is amhlaidh, faoin dlí cuideachtaí agus faoin dlí coiteann, go bhfuil dualgais bhreise ar iontaobhaí carthanais ar stiúrthóir cuideachta é/í freisin.

Ceisteanna Coitianta d’iontaobhaithe carthanais