Oifigigh Rochtana
Tá Oifigigh Rochtana freagrach as cúnamh agus treoir a sholáthar nó a shocrú do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag rochtain seirbhísí a sholáthraíonn an Rialálaí Carthanas. Gníomhaíonn siad mar phointe teagmhála do dhaoine faoi mhíchumas atá ag iarraidh seirbhísí den sórt sin a rochtain, de réir alt 26(2) den Acht um Míchumas.
Ba cheart na sonraí teagmhála atá léirithe thíos a úsáid chun cúnamh a iarraidh agus ár seirbhísí á rochtain:
Ríomhphost: accessofficer@charitiesregulator.ie
Teileafón: 01-6331500
Seoladh:
An tOifigeach Rochtana,
An Rialálaí Carthanas,
3 Duga Sheoirse,
An Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta,
Baile Átha Cliath 1, D01 X5X0
Ráiteas Inrochtaineachta
Stádas Comhlíonta
Tá an Rialálaí Carthanas tiomanta don suíomh Gréasáin seo a dhéanamh inrochtana de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí), 2020 - I.R. Uimh. 358 de 2020, agus dá chinntiú go mbeidh an suíomh Gréasáin seo inrochtana don spriocphobal is leithne is féidir, beag beann ar theicneolaíocht nó ar chumas.
Tá feidhm ag an ráiteas inrochtaineachta seo maidir le https://charitiesregulator.ie agus maidir le https://Portal.charitiesregulator.ie
Stádas Comhlíonta
San am i láthair, déanann an suíomh Gréasáin seo leibhéal AA de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1 a chomhlíonadh go páirteach, mar gheall ar an ábhar neamhrochtana atá liostaithe thíos.
Ábhar Neamhrochtana
Táimid ag obair chun feabhas a chur ar chomhlíonadh inrochtaineachta ár suíomhanna Gréasáin, agus déanfaimid dianiarracht gach caighdeán inrochtaineachta a chur i bhfeidhm i leith an ábhair a fhoilseofar ar ár suíomh Gréasáin as seo amach.
Ní lán-inrochtana atá codanna de shuíomh Gréasáin an Rialálaí Carthanas. Mar shampla
- Ábhar – tá roinnt mionfhadhbanna ann, lena n-áirítear na nithe seo a leanas: níl roinnt íomhánna sách tuairisciúil nó tá a dtéacs malartach beagáinín míthreorach; tá roinnt seicheamh ceannteideal bríoch in easnamh; tá úsáid mhícheart bainte as clibeanna ceannteidil; léimeann ceannteidil thar leibhéil nó tá siad san ord mícheart; agus tá lipéid foirme in easnamh;
- Is féidir go mbeidh deacracht ag úsáideoirí áirithe leis na roghchláir anuas a úsáid;
- Is féidir go mbeidh fadhbanna ag úsáideoirí áirithe leis an gcodarsnacht dathanna agus leis na dathanna atá in úsáid;
- Níl an fheidhm Cuardaigh ar an gClár Carthanas inrochtana le méarchlár faoi láthair;
- Tá droch-infheictheacht fócais ag roinnt eilimintí ar gach leathanach;
- San am i láthair, ní féidir léim thar an gceanntásc ná thar an limistéar nascleanúna bairr ar gach leathanach;
- Tá tacaí in easnamh ar roinnt foirmeacha, ar tacaí iad a d’fhéadfadh bheith úsáideach d’úsáideoirí áirithe;
- Osclaítear roinnt nasc i bhfuinneoga nua gan aon rabhadh; agus
- Úsáidtear teidil uathghinte i roinnt físeán.
An Ráiteas Inrochtaineachta seo a ullmhú
Rinneadh an ráiteas seo a athbhreithniú agus a nuashonrú den uair is deireanaí an 24 Bealtaine 2022.
Agus an Mhodheolaíocht le haghaidh Comhréireacht Inrochtaineachta Suíomhanna Gréasáin a Mheas á húsáid acu, rinne sainchomhairleoirí neamhspleácha inrochtaineachta iniúchadh ar an suíomh Gréasáin seo i mí na Bealtaine 2022 chun a mhéid a chomhlíonann sé Leibhéal AA de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG 2.1) a shuí.
Aiseolas agus Faisnéis Teagmhála
Tá an Rialálaí Carthanas tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas. Cuirimid fáilte roimh aon aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh Gréasáin seo.
Má bhíonn aon bharúlacha nó aon ghearáin agat faoi inrochtaineacht an tsuímh Gréasáin seo, seol ríomhphost chugainn ag
Accessofficer@charitiesregulator.ie
Más rud é nach mbeidh tú sásta leis an dóigh ar fhreagraíomar do d’iarraidh, féadfaidh tú gearán a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig Complaints@charitiesregulator.ie
Oifigeach Rochtana an Rialálaí Carthanas
Déileálann ár nOifigeach Rochtana le fiosruithe agus gearáin a bhaineann le hinrochtaineacht. Is é an ról atá ag an Oifigeach Rochtana cúnamh agus treoir a thabhairt, a shocrú agus a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag rochtain na seirbhísí a sholáthraímid.
Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Rochtana trí ríomhphost a sheoladh chuig: Accessofficer@charitiesregulator.ie
Nósanna Imeachta Forfheidhmiúcháin
Chun faisnéis a fháil faoi conas gearán a dhéanamh, féach an Beartas uainn maidir le Gearáin.
Más rud é nach mbeidh tú sásta leis an dóigh ar fhreagraíomar do do ghearán, féadfaidh tú iarraidh ar an Ombudsman do ghearán a fhiosrú. Tá faisnéis teagmhála agus treoir maidir le conas gearán a dhéanamh ar fáil ó Oifig an Ombudsman.
Méid an téacs a mhéadú
I bhformhór na gcásanna, beidh tú in ann méid an téacs ar leathanaigh Ghréasáin a athrú mar a leanas:
- an eochair Rialúcháin [Ctrl] agus an eochair plus (+) a bhrú ag an am céanna chun méid an téacs a mhéadú
- an eochair Rialúcháin [Ctrl] agus an eochair lúide (-) a bhrú ag an am céanna chun méid an téacs a laghdú
- i gcás Internet Explorer nó Mozilla Firefox, roghnaigh ‘Méid an téacs’ ón roghchlár ‘Amharc’
- nó brúigh agus coinnigh síos an eochair Rialúcháin agus bain úsáid as an scrollroth ar do luchóg
- nó brúigh agus coinnigh síos an eochair Rialúcháin agus bain úsáid as an gcomhartha '+' chun méid an téacs a mhéadú
Socruithe ar iPhone nó ar iPad
Má úsáideann tú iPhone nó iPad chun an tIdirlíon a rochtain, is féidir leat na socruithe súmála a athrú chun cabhrú leat.
- téigh chuig Socruithe > Ginearálta > Inrochtaineacht agus ansin cumasaigh Súmáil
- tapáil an scáileán faoi dhó le trí mhéar chun scáileán iomlán do ghléis iPhone/iPod/iPad a shúmáil
- chun bogadh thart, coinnigh trí mhéar síos ar an scáileán agus tarraing an scáileán chun codanna difriúla de a thaispeáint, nó coinnigh méar amháin síos feadh imeall an scáileáin chun peanáil
- más gá duit súmáil isteach tuilleadh, tapáil an scáileán faoi dhó le trí mhéar agus tarraing anuas nó aníos é
- chun súmáil siar, tapáil an scáileán faoi dhó le trí mhéar arís
Is féidir leat an cnaipe 'baile' a chumrú freisin chun súmáil a chur ar siúl trí chliceáil faoi thrí air.
Áiseanna Nascleanúna
Tá nasc mionrianaithe ar fáil ag barr gach leathanaigh chun cabhrú leat an suíomh a nascleanúint.
Íomhánna
Tá sé mar aidhm againn a chinntiú go mbeidh tréithe tuairisciúla (ALT) ar áireamh i ngach ábhar agus i ngach íomhá mhaisiúil ar an suíomh seo. Soláthraítear teidil ALT anseo chun míniú a thabhairt ar an ábhar nó ar chuspóir na híomhá atá i gceist.
Formáid na nDoiciméad
Tá cuid mhór de na foilseacháin ar an suíomh Gréasáin seo ar fáil i bhformáid PDF ionas go mbeidh sé níos éasca iad a léamh agus a phriontáil as líne. Níl an fhormáid sin ar fáil go réidh i ngach cás do dhaoine faoi mhíchumas. Mar sin, chuireamar achoimrí ar fáil i bhformhór na ndoiciméad, ar nithe iad is féidir a úsáid in áit na gcomhad PDF. Tá an ghníomhaireacht ag obair i dtreo a comhaid PDF a dhéanamh inrochtana go hiomlán.
Chun comhaid PDF a léamh, beidh Adobe Reader ag teastáil uait ar do ríomhaire.