Déan Iarratas ar Stádas Carthanúil

Ceanglaítear ar gach eagraíocht charthanúil a oibríonn in Éirinn bheith cláraithe linn. Anseo, is féidir leat foghlaim faoi na ceanglais agus na tairbhí a bhaineann le clárú agus tús a chur le d’iarratas ar stádas carthanúil

Ar Cheart dom Iarratas a Dhéanamh ar Stádas Carthanúil?

Más é ‘tá’ do fhreagra ar gach ceann de na trí cheist seo a leanas, ba cheart do d’eagraíocht iarratas a dhéanamh ar chlárú mar charthanas:

  • 1. An bhfuil sé beartaithe ag d’eagraíocht oibriú i bPoblacht na hÉireann?

    Má tá sé beartaithe ag d’eagraíocht gníomhaíochtaí carthanúla a dhéanamh i bPoblacht na hÉireann, ba cheart don Eagraíocht bheith cláraithe leis an Rialálaí Carthanas ar dtús.

  • 2. An bhfuil cuspóirí carthanúla amháin ag d’eagraíocht?

    Folaíonn cuspóirí carthanúla na nithe seo:

    • an bhochtaineacht nó cruatan eacnamaíoch a chosc nó a mhaolú;
    • oideachas a chur ar aghaidh;
    • creideamh a chur ar aghaidh;
    • aon chuspóir eile a théann chun tairbhe don phobal.  Folaíonn 'cuspóir a théann chun tairbhe don phobal' na nithe seo, ach gan a bheith teoranta dóibh:
    • leas an phobail a chur ar aghaidh, lena n-áirítear faoiseamh dóibh siúd atá i ngátar de dheasca a óige atá siad, a shine atá siad, drochshláinte, nó éagumais;
    • forbairt pobail a chur ar aghaidh, lena n-áirítear athbheochan tuaithe nó athbheochan uirbeach;
    • freagracht chathartha nó obair shaorálach a chur chun cinn;
    • an tsláinte a chur chun cinn, lena n-áirítear bre
    • fulaingt ainmhithe a chosc nó faoiseamh a thabhairt ar an gcéanna;
    • oiteacht, galair nó fulaingt daoine a chosc nó faoiseamh a thabhairt ar an gcéanna;
    • réiteach coinbhleachtaí nó an t-athmhuintearas a chur ar aghaidh;
    • síth idir creidimh agus ciní mar aon le caidreamh sítheach pobail a chur chun cinn;
    • an timpeallacht nádúrtha a chosaint;
    • inchothaitheacht chomhshaoil a chur ar aghaidh;
    • úsáid éifeachtúil éifeachtach maoine eagraíochtaí carthanúla a chur ar aghaidh;
    • fulaingt ainmhithe a chosc nó faoiseamh a thabhairt ar an gcéanna;
    • na healaíona, an cultúr, an oidhreacht nó na heolaíochtaí a chur ar aghaidh; agus
    • iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste a imeascadh, agus iad a spreagadh chun rannpháirtíocht iomlán a dhéanamh sa tsochaí.

    Ní mór do d’eagraíocht cuspóir carthanúil soiléir a bheith aici.Aon eagraíochtaí ag a bhfuil cuspóirí nach cuspóirí carthanúla iad, níor cheart dóibh iarratas a dhéanamh.

  • 3. An gcuireann d’eagraíocht tairbhe shoiléir don phobal ar fáil, bíodh sé sa tír seo nó in áit eile?

    Is é is tairbhe don phobal ann ní a théann chun tairbhe go soiléir don phobal i gcoitinne nó do chuid den phobal.  Mar shampla, ní chuirtear tairbhe don phobal ar fáil le cruinniú airgid chun críche billí liachta duine amháin a íoc mar nach dtéann sé chun tairbhe ach do dhuine amháin.  Mar sin féin, bheadh cruinniú airgid chun críche billí liachta a íoc d’aicme daoine a bhfuil an t-aon tinneas amháin nó tinneas comhchosúil orthu ag comhlíonadh na gcritéar um thairbhe a chur ar fáil don phobal, cé gurb amhlaidh nach roghnófaí ach roinnt daoine laistigh den aicme sin le haghaidh tairbhe a bhaint as.

Sula nDéanann tú Iarratas ar Stádas Carthanúil

Roinnt ceisteanna eile ba cheart duit a bhreithniú:

  • 4. Ar bhreithnigh tú roimhe an bhfuil an tairbhe chéanna á cur ar fáil ag carthanais eile nó nach bhfuil?

    Tá sé tábhachtach go bhfuil tuiscint iomlán ag daoine a bhfuil sé beartaithe acu carthanas a chur ar bun agus a reáchtáil cén sórt ama agus freagrachtaí a bheadh i gceist le heagraíocht den sórt sin a riar.  Má tá dúspéis agat i gcúis nó i saincheist shóisialta, is féidir gur cláraíodh carthanas eile cheana féin chun tacú leis an obair sin (nó obair atá cosúil léi).  Is féidir gurbh fhearr duit dul i bpáirt le carthanas bunaithe in ionad carthanas nua a chur ar bun. Ar an mbealach sin, is féidir go mbeifear in ann am agus cistí a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla.

  • 5. An bhfuil tú ag cruinniú airgid ar son duine aonair nó cúis aonair?

    Is ceist thábhachtach í sin agus baineann sí leis an tsaincheist um ‘chuspóir carthanúil’ (féach ceist 2 thuas).  Ní mór ‘cuspóir carthanúil’ a bheith chun tairbhe don phobal, rud a chiallaíonn nach mór é a bheith tairbheach go soiléir don phobal i gcoitinne nó do chuid den phobal.  Mura gcuireann d’eagraíocht tairbhe don phobal ar fáil, ní cháileoidh sí le haghaidh stádas carthanúil.

    Chun a mheasúnú cé acu a chuireann d’eagraíocht tairbhe don phobal ar fáil nó nach gcuireann, ba cheart duit a bhreithniú cén obair a dhéanann sí nó atá sé beartaithe aici a dhéanamh chun a príomhaidhmeanna a bhaint amach.  Is iad seo na ceisteanna ba cheart duit a chur: cé hiad na daoine a bhfuil m’eagraíocht ag cabhrú leo agus cé a bhainfidh leas as ár gcuid oibre?  Mar shampla, ní chuirtear tairbhe don phobal ar fáil le cruinniú airgid chun críche billí liachta duine amháin a íoc mar nach dtéann sé chun tairbhe ach do dhuine amháin.  Mar sin féin, bheadh cruinniú airgid chun críche billí liachta a íoc d’aicme daoine a bhfuil an t-aon tinneas amháin nó tinneas comhchosúil orthu ag comhlíonadh na gcritéar um thairbhe a chur ar fáil don phobal, cé gurb amhlaidh nach roghnófaí ach roinnt daoine laistigh den aicme sin le haghaidh tairbhe a bhaint as.

    Ós rud é gur féidir le carthanais tairbhe don phobal a chur ar fáil ar a lán bealaí éagsúla agus trí mhéideanna difriúla airgid a thabhairt, ní ann d’aon íosmhéid tairbhe nach mór a chur ar fáil.  Is é fírinne an scéil gur ar bheagscála nó i bpobail bheaga a oibríonn roinnt mhaith carthanas. Tá siad in ann a thaispeáint go fóill, áfach, go gcuireann siad tairbhe don phobal ar fáil.

    Má tá sé beartaithe agat cistí a chruinniú le haghaidh duine aonair nó cúis aonair, is féidir gurbh fhearr duit dul i bpáirt le carthanas atá cláraithe cheana féin.

  • 6. An dtuigeann tú go mbeidh tú faoi réir an Achta Carthanas 2009?

    Is é an tAcht Carthanas 2009 an píosa reachtaíochta carthanais is déanaí a ritheadh in Éirinn.  Ceann amháin de phríomhchuspóirí an Achta is ea foráil do rialáil níos fearr a dhéanamh ar eagraíochtaí carthanúla.  Is ann do roinnt cumhachtaí faoin Acht a bhaineann le heagraíochtaí carthanúla agus iontaobhais charthanúla a rialáil agus a chosaint.  Áirítear leis na príomhchumhachtaí sin Clár Eagraíochtaí Carthanúla poiblí a chur ar bun agus foráil d’imscrúduithe a dhéanamh ar éagóir líomhnaithe.

    Cuimsítear ann freisin liosta de na príomhdhualgais agus na príomhfhreagrachtaí atá ar iontaobhaithe carthanais ó thaobh rialachais agus tuairisciú airgeadais de.  Is oibleagáidí dlíthiúla ar iontaobhaithe iad agus níor cheart an ról sin a ghlacadh gan breithniú iomlán a dhéanamh ar a bhfuil i gceist leis.

    Tá téacs iomlán an Achta Carthanas 2009 ar fáil anseo.

  • 7. An dtuigeann tú na freagrachtaí dlíthiúla atá ar Iontaobhaí Carthanais?

    a) Ní mór d’iontaobhaithe carthanais cloí le doiciméad rialaithe an charthanais.

    Is é atá i gceist leis sin nach mór duit a chinntiú gur léigh tú doiciméad rialaithe do charthanais (e.g. bunreacht nó gníomhas iontaobhais) agus go gcloíonn tú leis. Ní mór duit a chinntiú freisin go dtuigeann tú cuspóir carthanúil na heagraíochta, an tairbhe don phobal atá sí ag cur ar fáil agus raon do chumhachtaí agus do dhualgas mar iontaobhaí carthanais.

    b) Ní mór d’iontaobhaithe carthanais a chinntiú go mbíonn an carthanas ag comhlíonadh a chuspóirí carthanúla chun tairbhe don phobal.

    Is é atá i gceist leis sin nach mór duit a chinntiú go ndéanann gníomhaíochtaí do charthanais dul chun cinn ar an gcuspóir carthanúil/na cuspóirí carthanúla amháin agus go dtéann na cuspóirí sin chun tairbhe don phobal nó do chuid den phobal.  Ní mór aon tairbhe phearsanta a thagann chun cinn a bheith coimhdeach agus riachtanach chun an tairbhe don phobal a chur chun cinn.

    c) Ní mór d’iontaobhaithe carthanais a chinntiú go bhfuil an carthanas cláraithe ar an gClár Eagraíochtaí Carthanúla de chuid an Rialálaí Carthanas.

    Is é atá i gceist leis sin go bhfuil de fhreagracht ort a chinntiú go bhfuil do charthanas cláraithe leis an Rialálaí Carthanas agus ní mór duit sonraí do charthanais a choinneáil cothrom le dáta linn.

    d) Ní mór d’iontaobhaithe carthanais a chinntiú go gcoimeádann an carthanas leabhair chuntais chuí.

    Is é atá i gceist leis sin nach mór duit a chinntiú go gcoimeádann do charthanas leabhair chuntais chuí don charthanas, áit a dtaifeadtar iontrálacha ó lá go lá de na suimeanna airgid go léir arna bhfáil agus arna n-íoc ag do charthanas.  Ní mór taifead de shócmhainní agus dliteanais do charthanais a choinneáil ar bun freisin.

    e) Ní mór d’iontaobhaithe carthanais a chinntiú go gcuireann an carthanas tuarascáil bhliantúil agus cuntais bhliantúla faoi bhráid an Rialálaí Carthanas.

    Is é atá i gceist leis sin nach mór duit a chinntiú go gcuireann do charthanas tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Rialálaí Carthanas i leith ghníomhaíochtaí an charthanais sa bhliain airgeadais dheireanach.  Ní mór an tuarascáil bhliantúil sin a chur isteach laistigh de dheich mí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais agus ba cheart cuntais airgeadais do charthanais a chur ar áireamh inti freisin.

    Féach ár ndoiciméad 'Treoir d’Iontaobhaithe Carthanais'. Is féidir an doiciméad a íoslódáil

Na Tairbhí a bhaineann le stádas mar Charthanas Cláraithe

Má éiríonn d’eagraíocht ina carthanas cláraithe, ní hé amháin go mbeidh tú ag comhlíonadh an dlí.  Beidh na tairbhí seo a leanas i gceist leis freisin:

  • Beidh d’eagraíocht ag taispeáint go n-oibríonn sí de réir na gcaighdeán is airde rialachais agus riaracháin
  • Beidh d’eagraíocht ag léiriú go bhfuil sí tiomanta do thrédhearcacht agus do chuntasacht
  • Beidh d’eagraíocht níos tarraingtí ó thaobh cistiú reachtúil agus conarthaí reachtúla a mhealladh agus a choinneáil de
  • Beidh bonn fónta ag d’eagraíocht le haghaidh tacaíocht a fháil ó dheontóirí agus ó oibrithe saorálacha
  • Beidh sé níos fusa do d’eagraíocht ceadanna a fháil le haghaidh bailiúcháin sráide
  • Beidh d’eagraíocht in ann iarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar dhíolúine charthanúil ó cháin agus ar shochair ghaolmhara
  • Beidh d’eagraíocht ag cabhrú le hiontaoibh agus muinín as an earnáil carthanas a chruthú an athuair

Déan Iarratas ar Stádas Carthanúil anseo

*Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, go dtí go measfar d’iarratas a bheith 'Lán agus Iomlán', go measfar nach bhfuil iarratas bailí curtha isteach agat*

Faisnéis Chabhrach

Chuireamar acmhainní ar fáil chun cabhrú leat doiciméad rialaithe d’eagraíochta a ullmhú ionas go gcomhlíonfaidh tú ceanglais an Rialálaí Carthanas agus iarratas á dhéanamh agat.  Molaimid duit na hacmhainní atá curtha ar fáil a chur san áireamh agus iarratas á dhéanamh agat. 

  • Eintitis Chorpraithe (Cuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta)

    Rinne an Rialálaí Carthanas Bunreacht Eiseamláireach a fhorbairt do Chomhlachtaí Neamhchorpraithe agus do Chumainn Neamhchorpraithe. Aon eagraíocht is iarratasóir a bhaineann leas as an mBunreacht Eiseamláireach, is amhlaidh go mbrostófar an próiseas measúnaithe go mór dóibh. Rinneamar an Doiciméad Eiseamláireach sin a dhearadh chun feabhas a chur ar dhréachtú bunreachtanna.


    • Comhlánaigh sonraí d’eagraíochta (sna spásanna atá tugtha) agus leag amach na cuspóirí agus na fochuspóirí (más ann dóibh) atá aici agus aon fhaisnéis ábhartha eile
    • Ní cheanglófar ort an bunreacht athbhreithnithe a ghlacadh ach amháin tar éis don Rialálaí Carthanas fógra a thabhairt duit chun déanamh amhlaidh.

     Féach 'Bunreacht Eiseamláireach - Eintitis Chorpraithe' thíos.


    Má chinneann tú gan ár mbunreacht eiseamláireach a úsáid, ní mór duit a chinntiú gur leasaigh tú do dhoiciméad rialaithe chun clásail chaighdeánacha a áireamh ann. Ní mór duit é sin a dhéanamh ionas gur féidir linn d’iarratas ar stádas carthanúil a chur ar aghaidh.


    • Leasaigh do dhoiciméad rialaithe chun na clásail chaighdeánacha do chomhlachtaí neamhchorpraithe atá faoi iamh a áireamh ann.
    • Ní cheanglófar ort an bunreacht athbhreithnithe a ghlacadh ach amháin tar éis don Rialálaí Carthanas fógra a thabhairt duit chun déanamh amhlaidh.


    Féach 'Clásail Choiteanna - Eintitis Chorpraithe' thíos.

  • Comhlachtaí Neamhchorpraithe

    Rinne an Rialálaí Carthanas Bunreacht Eiseamláireach a fhorbairt do Chomhlachtaí Neamhchorpraithe agus do Chumainn Neamhchorpraithe.  Aon eagraíocht is iarratasóir a bhaineann leas as an mBunreacht Eiseamláireach, is amhlaidh go mbrostófar an próiseas measúnaithe go mór dóibh. Rinneamar an Doiciméad Eiseamláireach sin a dhearadh chun feabhas a chur ar dhréachtú bunreachtanna.

    • Comhlánaigh sonraí d’eagraíochta (sna spásanna atá tugtha) agus leag amach na cuspóirí agus na fochuspóirí (más ann dóibh) atá aici agus aon fhaisnéis ábhartha eile.
    • Uaslódáil dréacht den bhunreacht athbhreithnithe chuig do chuntas carthanais ar líne agus cuir d’iarratas ar stádas carthanúil isteach an athuair.
    • Ní cheanglófar ort an bunreacht athbhreithnithe a ghlacadh ach amháin tar éis don Rialálaí Carthanas fógra a thabhairt duit chun déanamh amhlaidh.

    Féach 'Bunreacht Eiseamláireach - Eintitis Neamhchorpraithe' thíos.

    Má chinneann tú gan ár mbunreacht eiseamláireach a úsáid, ní mór duit a chinntiú gur leasaigh tú do dhoiciméad rialaithe chun clásail chaighdeánacha a áireamh ann. Ní mór duit é sin a dhéanamh ionas gur féidir linn d’iarratas ar stádas carthanúil a chur ar aghaidh. 

    • Leasaigh do dhoiciméad rialaithe chun na clásail chaighdeánacha do chomhlachtaí neamhchorpraithe atá faoi iamh a áireamh ann.
    • Uaslódáil dréacht den doiciméad athbhreithnithe chuig do chuntas carthanais ar líne agus cuir d’iarratas ar stádas carthanúil isteach an athuair. 
    • Ní cheanglófar ort an bunreacht athbhreithnithe a ghlacadh ach amháin tar éis don Rialálaí Carthanas fógra a thabhairt duit chun déanamh amhlaidh.

    Féach 'Clásail Choiteanna - Eintitis Neamhchorpraithe' thíos.

Doiciméid Treorach