Nochtadh Cosanta

Ról an Rialálaí Carthanas mar ‘dhuine forordaithe’

Faoi Ionstraim Reachtúil Uimh. 367 de 2020, sainíodh Príomhfheidhmeannach an Rialálaí Carthanas mar ‘dhuine forordaithe’ chun nochtaí a fháil maidir le héagóiritheoireachtaí iomchuí i leith gach ní a bhaineann le rialáil carthanas de bhun an Achta Carthanas 2009. 

Is é an phríomhfhreagracht atá ar Phríomhfheidhmeannach an Rialálaí Carthanas mar dhuine forordaithe faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, ná céannacht an nochtóra a chosaint a mhéid is mó is féidir agus an fhaisnéis atá tugtha sa nochtadh a scrúdú de réir a ghnáthnósanna imeachta le haghaidh a fheidhmeanna reachtúla a chur i gcrích.

Treoir do dhaoine atá ag iarraidh Nochtadh Cosanta a dhéanamh don Rialálaí Carthanas.

Féadfar nochtaí cosanta a chur isteach:

Tríd an ríomhphost chuig: protecteddisclosures@charitiesregulator.ie

Nó tríd an bpost chuig: 


Nochtadh Cosanta,
An Rialálaí Carthanas,
3 Duga Sheoirse,
An Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta,
Baile Átha Cliath 1,
D01X5X0

Nochtaí cosanta ó oibrithe laistigh den Rialálaí Carthanas

Leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, cumasaítear d’oibrithe ábhar imní a chur in iúl maidir le héagóiritheoireacht fhéideartha san áit oibre.  Cinntítear leis an Acht gurb ann do choimircí chun oibrithe a chosaint ar bhearta díoltais.  

Leis an Acht, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí na nithe seo a leanas a dhéanamh: 

agus

  • faisnéis i scríbhinn a thabhairt d’oibrithe maidir leis na nósanna imeachta sin. 

 

Gabhann an Rialálaí Carthanas air féin an tacaíocht riachtanach a thabhairt d’aon bhall foirne a chuireann fíorábhair imní in iúl. 

Carthanas air féin an tacaíocht riachtanach a thabhairt d’aon bhall foirne a chuireann fíorábhair imní in iúl. Tuarascálacha Bliantúla maidir le Nochtaí Cosanta

Le halt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú maidir leis an líon Nochtaí Cosanta a fuarthas sa bhliain roimhe agus maidir leis na gníomhartha a rinneadh ina leith.

Tuarascálacha Bliantúla maidir le Nochtaí Cosanta Inmheánacha

2021 - Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha sa bhliain 2021.

*Cuireadh ocht nochtadh chosanta faoi bhráid an Rialálaí Carthanas sa bhliain 2021.

2020 - Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha sa bhliain 2020. 

2019 - Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha sa bhliain 2019. 

2018 - Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha sa bhliain 2018. 

2017 - Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha sa bhliain 2017. 

2016 - Ní bhfuair an Rialálaí Carthanas aon nochtaí cosanta inmheánacha sa bhliain 2016.

*Is “Duine Forordaithe” faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, atá i bPríomhfheidhmeannach an Rialálaí Carthanas i gcás gach ní a bhaineann le rialáil carthanas de bhun an Achta Carthanas 2009.