Ráitis Airgeadais
Ceanglaítear le halt 30 den Acht Carthanas 2009 ar Bhord an Údaráis na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir atá faighte nó caite aige a choimeád i cibé foirm a cheadóidh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Foilseoidh an Rialálaí Carthanas na Ráitis Airgeadais is gá ar a shuíomh Gréasáin ar bhonn bliantúil.
Luach Saothair an Bhoird
Luach Saothair na gComhaltaí den Bhord Rialachais
Íoctar luach saothair leis na comhaltaí de Bhord an Údaráis de réir na bhforálacha atá leagtha amach sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (2016).
Cloíonn an tÚdarás Rialála Carthanas leis an bprionsabal um ‘Dhuine Amháin, Tuarastal Amháin’, ar faoina bhun nach bhféadfar aon táillí boird a íoc le seirbhísigh phoiblí ná le fostaithe earnála poiblí a shuíonn ar bhoird Stáit agus a thabharfar rogha do chomhaltaí den Bhord an táille ghaolmhar boird a tharscaoileadh ar bhonn lánroghnach mar chuid de phrótacal foirmiúil.
Féadfar táille freastail €295 in aghaidh an chruinnithe a íoc le Comhaltaí Seachtracha d’Fhochoistí an Bhoird ar aon dul le ciorclán E12/1/70 ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, rud ina leagtar amach na táillí a fhéadfar a íoc. Is i leith an lae a freastalaíodh ar an gcruinniú a íoctar an Táille Freastail.
Áirítear leis na Ráitis Airgeadais a fhoilsítear gach bliain sceideal de na táillí agus na caiteachais chomhiomlána a íocadh le gach Comhalta den Bhord; féach Ráitis Airgeadais an Údaráis chun tuilleadh sonraí a fháil.
Tá beartas i bhfeidhm ag an Rialálaí Carthanas ina leagtar amach táillí na gcomhaltaí den Bhord agus táillí na gcomhaltaí seachtracha.
Íocaíochtaí Prasa
Tá an Rialálaí Carthanas tiomanta do gach iarracht a dhéanamh a chuid soláthraithe a íoc go pras. Is féidir le soláthraithe cabhrú leis déanamh amhlaidh trína chinntiú:
- go seoltar sonraisc chearta go díreach chuig Cuntais Iníoctha
- go soláthraítear sonraí cruinne cuntais bainc
go bhfuil a stádas Imréitigh Cánach le Coimisinéirí Ioncaim na hÉireann cothrom le dáta
Ráitis Airgeadais 2017
Ráitis Airgeadais 2016
Ráitis Airgeadais 2015
Luach Saothair Chomhaltaí an Údaráis
Is táillí socraithe iad seo a íoctar le Comhaltaí an Údaráis ar aon dul leis an mBeartas Rialtais. I gcás gur roghnaigh Comhalta den Údarás a tháille a tharscaoileadh, nó i gcás nach bhfuil sé i dteideal táille a fháil faoin bprionsabal ‘Duine Amháin, Tuarastal Amháin’, tá an méid sin léirithe sa Tuarascáil Bhliantúil agus sna Ráitis Airgeadais don tréimhse.
Is in Oifig an Rialálaí Carthanas a thionóltar formhór na gcruinnithe de chuid an Údaráis agus is gá do roinnt comhaltaí taisteal óna mbunáit faoi seach dá bharr sin. Aisíoctar costais taistil agus chothaithe de réir rátaí atá ag teacht leo sin atá sainithe sa bheartas rialtais. Tá sonraí faoi na costais a íocadh le Comhaltaí an Údaráis i leith freastal ar chruinnithe an Údaráis le fáil sa Tuarascáil Bhliantúil agus sna Ráitis Airgeadais araon don tréimhse.