Comhaltaí an Údaráis

Is údarás neamhspleách é an Rialálaí Carthanas. Bunaíodh faoin Acht Carthanas 2009 é. Ba iad an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an tAire Stáit don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a cheap Comhaltaí an Údaráis.

Próifílí

Tá 13 comhaltaí ag an Údarás faoi láthair, arb é an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a cheap duine amháin díobh agus cheap an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail an 12 eile.

Patrick Hopkins

Cathaoirleach

Is cuntasóir é Paddy, agus bhí sé ina Rúnaí Cuideachta agus ina Bhainisteoir i Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha i bhFiontraíocht Éireann sular éirigh sé as i mí na Samhna 2013. Bhí sé ina Cheann Airgeadais in Forbairt, in Eolas agus san Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán roimhe sin. Ceapadh chuig an mBord Achomhairc i Leith Deontas Mac Léinn i mí Iúil 2016 é. Tá sé ina chomhalta de chomhdháil Naomh Uinseann de Pól i dTamhlacht agus bhí sé ina chomhalta dá Choiste Airgeadais don Réigiún Thoir sular ceapadh mar Chathaoirleach ar an Rialálaí Carthanas é.

Cathy Holahan

Tá cúlra gairmiúil san innealtóireacht agus sa ghnó ag Cathy. I measc na taithí atá aici tá obair le heagraíochtaí poiblí, príobháideacha, tráchtála agus neamhthráchtála in Éirinn agus i dtíortha eile. Tá Cathy ag obair le Fiontraíocht Éireann faoi láthair, áit ar rannchuidigh sí le beartais agus cleachtais a fhorbairt i réimsí éagsúla. Bhain a hobair is déanaí le forbairt eacnamaíoch réigiúnach. Tá Cathy ina comhalta de roinnt bord/coistí trí obair seirbhíse poiblí agus ar bhonn deonach pobail – agus poist á sealbhú aici mar chathaoirleach, mar leaschathaoirleach, mar rúnaí cuideachta agus mar stiúrthóir. Tá an-díriú ag Cathy ar an gclár oibre leas-sealbhóirí, lena n-áirítear caidreamh, trédhearcacht oibríochtaí, agus rialachas, agus tá an-spéis aici ann.

Nicola Keogh

Is aturnae cáilithe í Nicola agus tá céim BA (Onóracha) ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, aici. Glacadh Nicola isteach mar Aturnae le Dlí-Chumann na hÉireann sa bhliain 1996. Tá Nicola ag obair san earnáil neamhbhrabúis le breis agus 20 bliain anuas agus tugann sí comhairle maidir le raon leathan nithe dlí agus rialachais a bhaineann le heagraíochtaí carthanúla. Oibríonn sí i ndlúthchomhar le carthanais chun a chinntiú go gcomhlíonann siad an tAcht Carthanas, Acht na gCuideachtaí agus an Cód Rialachais. D’oibrigh Nicola lena lán carthanas in Éirinn agus i dtíortha eile agus chabhraigh sí le líon mór carthanas a bhunú, a chumasc agus a athstruchtúrú ar fud a gairme. Tá Teastas i nDlí agus Cleachtas Rúnaíochta Cuideachta ó Dhlí-Chumann na hÉireann ag Nicola agus tá Dioplóma i Rialachas Corparáideach ón Corporate Governance Institute, Éire, aici. Tá sí ina comhalta den Charity Law Association (an Ríocht Aontaithe) agus den Chumann Cleachtóirí Iontaobhais agus Eastáit. Chomh maith leis sin, bhí sí ina comhalta den choiste de chuid an Dlí-Chumainn a d’ullmhaigh an tuarascáil dar teideal “Charity Law: A Case for Reform” (2002).

Rosemary Keogh

Tá Rosemary Keogh ag obair i róil cheannaireachta in eagraíochtaí éagsúla ilghnéitheacha san earnáil phoiblí, san earnáil chorparáideach agus san earnáil neamhbhrabúis le níos mó ná 25 bliana anuas. Is cuntasóir cáilithe í Rosemary agus tá sí ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann faoi láthair. Tá sí ina Cathaoirleach ar an gCumann Eagraíochtaí Neamhbhrabúis faoi láthair freisin agus bhí sí ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Ord Mhálta roimhe seo. Sular thosaigh sí ag obair san earnáil Carthanas, chaith Rosemary níos mó ná 20 bliain ag obair i róil airgeadais, iniúchóireachta agus bhainistíochta riosca suas go leibhéal an stiúrthóra airgeadais idirnáisiúnta, agus an leibhéal sin san áireamh. D’oibrigh sí do raon éagsúil fiontar beag agus meánmhéide, cuideachtaí ilnáisiúnta, cuideachtaí earnála poiblí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis le linn na tréimhse sin.

Stephen Keogh

Tá Stephen ina Aturnae agus ina Chomhpháirtí Bainistíochta ag MHP Sellors LLP. Is Aturnae tráchtála é Stephen, agus saineolas aige ar chomhairle a chur ar chuideachtaí agus ar chomhlachtaí earnála poiblí. D’fhóin Stephen mar Uachtarán ar Chomhlachas Tráchtála na Sionainne ón mbliain 2020 go dtí an bhliain 2022 agus mar Rúnaí na Cuideachta ón mbliain 2013 go dtí an bhliain 2018. Tá Stephen ina chomhalta den Sainphainéal Comhairleach um Dhlí agus Teicneolaíocht ag Scoil an Dlí, Ollscoil Luimnigh. Bhí sé ina chomhalta de Thascfhórsa Geilleagrach an Chláir roimhe sin. Sealbhaíonn Stephen céim BBS (Cuntasaíocht agus Airgeadas) ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Agus é ina Aturnae Cleachtach de chuid Dhlí-Chumann na hÉireann, sealbhaíonn Stephen Dioplóma Iarchéime sa Dlí ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Dioplóma sa Dlíthíocht Tráchtála ó Dhlí-Chumann na hÉireann. Bhí roinnt ról san earnáil dheonach ag Stephen thar na deich mbliana seo a chuaigh thart.

Lorraine Lally

Is abhcóide cleachtach í Lorraine. Tá taithí aici ar obair le cliaint ar fud gach réimse den dlí. Tá spéis ar leith aici sa dlí teaghlaigh, sa dlí inimirce, sa dlí um chearta an duine agus i réimsí eile den dlíthíocht shibhialta. Tá ag Lorraine céim LLM i nDlí Idirnáisiúnta um Chearta an Duine ón Lárionad Éireannach um Chearta an Duine, mar aon le céim LLM i nDlí Idirnáisiúnta Seirbhísí Airgeadais ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá an-spéis ag Lorraine sa rialachas corparáideach agus sa rialáil agus beidh sí ina comhalta den Choiste Seirbhísí Carthanais.

Darren Lehane

Tá Darren ina Abhcóide Sinsearach a chleachtann i réimsí an dlí phoiblí, an dlí tráchtála agus an dlí seasaireachta. Rinne sé staidéar ar an dlí ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus bronnadh céim BCL air sa bhliain 2001 agus bronnadh céim LLM air sa bhliain 2002. Glaodh chun Bharra na hÉireann agus chun Bharra Shasana agus na Breataine Bige é sna blianta 2004 agus 2015 faoi seach. D’éirigh sé ina Abhcóide Sinsearach sa bhliain 2020. Tá sé ina chomhalta tofa de Chomhairle Bharra na hÉireann agus déanann sé cathaoirleacht ar an gCoiste um Chleachtais Ghairmiúla faoi láthair. Tá sé ina chomhalta de Chomhairle Chumann Onórach Óstaí an Rí freisin. Tá dúspéis aige sa dlí a bhaineann le carthanais agus scríobh sé faoi bhunús dhlínse parens patriae na hArd-Chúirte.

Máire McMahon

Tá Máire McMahon ina dlíodóir i gcleachtadh ginearálta i dTiobraid Árann, agus dúspéis aici sa dlí teaghlaigh. Tá BCL aici ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus tá LLM aici sa Dlí Teaghlaigh agus sa Bheartas Teaghlaigh ó Ollscoil Anglia Thoir. D’fhóin Máire mar Iontaobhaí agus mar Leas-Uachtarán Náisiúnta le Freagracht as Rialachas i gCumann Naomh Uinseann de Pól ar feadh tréimhse 5 bliana agus, le linn na tréimhse sin, bhain sí Teastas san Iontaobhaíocht agus Rialachas Carthanas amach ó Dhlí-Chumann na hÉireann, i gcomhar leis an Wheel. Tá baint aici leis an gcarthanas sin ar leibhéal áitiúil go fóill. Tá sí ina comhalta den bhord ar charthanas áitiúil seirbhísí do leanaí i dTiobraid Árann freisin.

Michael O’Sullivan

Tá Michael O’Sullivan ina iarchomhalta den Gharda Síochána. Chuaigh sé ar scor i mí an Mhárta 2020, tráth a bhí sé ina Choimisinéir Cúnta. Bhí poist ardbhainistíochta de chineál imscrúdaitheach, rialála agus formhaoirseachta aige sa tír seo agus thar lear araon, agus é ag obair le Europol in Den Haag, le Coimisiún an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe sa Chambóid, sa tSeirbia, i Montainéagró, sa Mhacadóin agus i Ruanda. Tráth a chuaigh sé ar scor, bhí sé ina chomhalta de Bhord Bainistíochta Europol in Den Haag, bhí sé ina chomhalta de Choiste Formhaoirseachta Eurojust, agus bhí sé ina chomhalta de Choiste Feidhmiúcháin Eorpach Interpol in Lyon, agus é ar an gcéad Éireannach riamh a ceapadh chuig an gCoiste Feidhmiúcháin sa bhliain 2017. I mí Iúil 2020, cheap an Rialtas é mar dhuine amháin de na hainmnithe tuata chuig an gCoiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Pianbhreitheanna a Ghearradh de chuid Chomhairle na mBreithiúna ar feadh téarma ceithre bliana. Tá sé ina chomhalta tuata de Choiste Athbhreithnithe an Údaráis Rialála Seirbhísí Dlí agus tá sé ina chomhalta de Bhord Achomhairc an Údaráis Slándála Príobháidí freisin. Sealbhaíonn sé Dioplóma Iarchéime sa Cheannaireacht Feidhmiúcháin (UCD – Ollscoil Harvard, SAM) agus céim Baitsiléara Ealaíon (Onóracha) sa Bhainistíocht (UCL).

Martin Sisk

Tá céim Bhaitsiléara sa Dlí ag Martin Sisk agus is aturnae ó thaobh gairme é. D’oibrigh sé do na Coimisinéirí Ioncaim roimhe seo agus, ag gníomhú dó mar Chláraitheoir na gCara-Chumann agus ina dhiaidh sin mar oifigeach sinsearach i mBanc Ceannais na hÉireann, chaith sé an chuid is mó dá ghairm ag obair i réimse na Rialála, rialáil airgeadais san áireamh. D’fhóin sé roimhe seo mar Chathaoirleach ar Vhi um Chúram Sláinte agus tá sé ina Chathaoirleach ar Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (IAASA) faoi láthair. Tá Martin ina chomhalta de Bhord Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa freisin.

An Dr Geraldine Smith

Is Sainchomhairleoir Comhairleach Rialachais, Iniúchóireachta Inmheánaí agus Riosca í Geraldine. Is cuntasóir cáilithe agus iniúchóir inmheánach cairte í Geraldine. Tá taithí breis agus 32 bhliain aici ar obair i róil shinsearacha iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí agus rialachais. D’éirigh Geraldine as Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i mí an Mhárta 2022, áit a raibh sí ar an Stiúrthóir Náisiúnta um Iniúchóireacht Inmheánach ar a raibh freagracht as an tseirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí do FSS agus Tusla. Sular oibrigh sí do FSS, bhí sí ar an Stiúrthóir Iniúchóireachta le hÚdarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir agus bhí sí ina hIniúchóir Sinsearach le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Tá Geraldine ar an gCathaoirleach ar Choiste Iniúchóireachta agus Riosca Oifig na nOibreacha Poiblí, tá sí ina comhalta saineolaíoch neamhspleách de Choiste Iniúchóireachta, Riosca, Comhlíonta agus Airgeadais Chumann Peile na hÉireann agus, roimhe sin, bhí sí ar an gCathaoirleach ar Choiste Iniúchóireachta an Bhoird Íocaíochtaí Seirbhísí Liachta Ginearálta. Tá Geraldine ina Comhalta de Chumann na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte agus is Iniúchóir Inmheánach Cairte (CMIIA) í. Tá aici freisin Dochtúireacht i Rialachas, céim MA i mBainistíocht Phoiblí, Dioplóma i Stiúradh Cuideachta (Institiúid na Stiúrthóirí) agus Dioplómaí i Rialachas Corparáideach (Scoil Ghnó Smurfit sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Cumann na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte (ACCA).

Ercus Stewart

Tá Ercus Stewart SC ag cleachtadh ag an mBarra ó bhí an bhliain 1970 ann. Tá sé ina Abhcóide Sinsearach ón mbliain 1982 i leith. Díríonn a chleachtadh ar an dlí sibhialta, an dlí tráchtála, an dlí saothair, an dlíthíocht agus an eadráin. Tá sé ina chomhalta den Bharra i dTuaisceart Éireann, i Sasana agus an Bhreatain Bheag agus san Astráil (NSW) freisin. De bhreis ar a chleachtadh dlí, tá Ercus ina eadránaí in Eadráin Tráchtála idirnáisiúnta agus intíre. Tá sé ina idirghabhálaí freisin. Chomh maith leis sin, tá sé ina chomhalta den Chúirt Eadrána Spóirt i Lausanne, an Eilvéis, agus rinne sé eadránú faoin gCúirt sin. Tá sé ina iarchathaoirleach ar an mBrainse Éireannach d’Institiúid Chairte na nEadránaithe agus tá sé ar an údar ar "Arbitration Commentary and Sources", ar fhoilsigh Firstlaw é sa bhliain 2003, agus ar "Compensation on Dismissal: Employment Law and Practice", ar fhoilsigh Bloomsbury Professional é sa bhliain 2008. Tá sé ina léachtóir ar cuairt le clár an Dioplóma in Eadráin sa Scoil Dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ó tosaíodh an clár sa bhliain 1997 i leith, rud ar ghlac sé páirt lárnach ann. Tá baint aige le hobair charthanais agus le heagraíochtaí carthanúla le breis agus 50 bliain anuas. Áirítear leis na heagraíochtaí sin Chernobyl Children's Project International, Romania Breadbasket Appeal, Care After Prison, Crann - Crainn d’Éirinn, agus a lán eile. Bhí sé ina chomhbhunaitheoir, agus ina chathaoirleach ar feadh roinnt mhaith blianta, ar Just Sport Ireland, a oibríonn chun díospóidí spóirt in Éirinn a réiteach. Chomh maith leis sin, bhí baint aige thar roinnt mhaith blianta le CARE - Feachtas ar son Cúram a Thabhairt do Leanaí Díothacha.

Tony Ward, Baitsiléir Tráchtála, an tÚdarás Iompair Airgeadais

Is as Muineachán do Tony. Cháiligh sé mar Chuntasóir Cairte sa bhliain 1989. Tá sé pósta le Eleanor agus tá beirt leanaí aige, mar atá Ash agus Rachel. D’oibrigh Tony i róil éagsúla chleachtais agus sainchomhairleoireachta agus i róil airgeadais agus róil chruinnithe airgid san earnáil carthanas. Ón mbliain 2016 go dtí an bhliain 2022, bhí sé ar an Stiúrthóir Airgeadais le The Wheel, atá ar an mbratchomhlacht náisiúnta do charthanais agus eagraíochtaí neamhbhrabúis in Éirinn. Ghabh sé le déanaí do ghairm nua mar Shainchomhairleoir Airgeadais a sholáthróidh seirbhísí airgeadais, rialachais, ceannaireachta agus meantóireachta d’eagraíochtaí éagsúla san earnáil phríobháideach, san earnáil phoiblí agus san earnáil carthanas. Tá Tony ag obair i roinnt ról neamhfheidhmiúcháin, lena n-áirítear le Sightsavers Ireland, atá ar an tSeirbhís Tathanta Náisiúnta do dhaoine faoi mhíchumas. Chomh maith leis sin, tá sé ar an gcathaoirleach ar a chlub áitiúil CLG do mhná. Tá sé ar an gcathaoirleach ar Ghrúpa Sainleasa carthanas agus eagraíochtaí neamhbhrabúis Chuntasóirí Cairte Éireann agus tá sé ar an gcathaoirleach neamhspleách ar Ghrúpa Úsáideoirí Míchumais Iarnród Éireann. Tá an-spéis aige sa spórt agus is reathaí agus rothaí gníomhach é. Bhí sé ina ionadaí d’Éirinn i sé cinn de Chraobhchomórtais an Domhain agus de Chraobhchomórtais na hEorpa i lúthchleasaíocht mheánraoin idir an bhliain 1999 agus an bhliain 2005. Chomh maith leis sin, tá sé mharatón rite aige. Ba é an ceann is déanaí díobh, agus an ceann deiridh, b’fhéidir, i Nua-Eabhrac sa bhliain 2015!

Faisnéis maidir le Fochoistí

Bhunaigh an tÚdarás ceithre choiste, is iad sin:

  • An Coiste Airgeadais, Iniúchóireachta, Riosca agus Rialachais

    Bunaíodh an Coiste Airgeadais, Iniúchóireachta, Riosca agus Rialachais chun cabhrú leis an Údarás na freagrachtaí atá air a chomhlíonadh maidir leis na nithe seo:

    • Tuairisciú airgeadais;
    • Bainistíocht riosca;
    • Córais rialaithe inmheánaigh;
    • Iniúchóireacht;
    • Próiseas an Rialálaí Carthanas maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh a oibleagáidí reachtúla.

    Is iad seo na comhaltaí den choiste:

    • Rosemary Keogh (Cathaoirleach & Comhalta den Údarás);
    • Geraldine Smith (Comhalta den Údarás);
    • Cathy Holahan (Comhalta den Údarás);
    • Martin Corboy (Seachtrach);
    • Michelle Walshe (Seachtrach).
  • An Coiste Rialála

    Bunaíodh an coiste chun comhairle a chur ar an Údarás maidir lena chur chuige rialachais.  Áirítear lena chuid dualgas athbhreithniú (bliantúil) a dhéanamh ar bheartas rialachais an Rialálaí Carthanas agus cur chun feidhme an bheartais a mhaoirsiú, mar aon le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha rialachais agus rialála.

    Is iad seo na comhaltaí den choiste:

    • Martin Sisk (Cathaoirleach & Comhalta den Údarás);
    • Tony Ward (Comhalta den Údarás);
    • Michael O'Sullivan (Comhalta den Údarás);
    • Katie Cadden(Comhalta Seachtrach)
  • An Coiste Feidhmíochta, Pleanála Acmhainní agus Comhairleach

    Bunaíodh an Coiste chun cabhrú leis an Údarás earcú an Phríomhfheidhmeannaigh a bhainistiú, chun an próiseas bainistíochta feidhmíochta a mhaoirsiú don lucht ardbhainistíochta agus chun téarmaí agus coinníollacha bhaill foirne an Rialálaí Carthanas a bhreithniú, lena n-áirítear na téarmaí faoina ndéantar baill foirne a shannadh don Rialálaí Carthanas/a thabhairt ar iasacht dó/a leithdháileadh air/a aistriú chuige. Tá triúr comhaltaí ann ar an gcoiste, a bhfuil gach duine díobh ina gcomhaltaí den Údarás.

    Tháinig an coiste le chéile ceithre huaire sa bhliain 2016. Ba iad seo na comhaltaí den choiste:

    • Patrick Hopkins (Cathaoirleach & Comhalta den Údarás);
    • Dr Geraldine Smith (Comhalta den Údarás);
    • Stephen Keogh (Comhalta den Údarás).
  • An Coiste Seirbhísí Carthanais

    Bunaíodh an Coiste chun cabhrú leis an Údarás na feidhmeanna a dílsíodh do Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla roimhe sin a chomhlíonadh.  Áirítear leo sin diúscairt maoine carthanais a údarú, iontaobhaithe nua a cheapadh agus maoin carthanais a dhílsiú d’iontaobhaithe, Scéimeanna Ionchorpraithe agus Scéimeanna Cy-Près a dhréachtú, agus deontais agus scoláireachtaí a cheadú.

    Is iad seo na comhaltaí den choiste:

    • Darren Lehane (Cathaoirleach & Comhalta den Údarás);
    • Nicola Keogh (Comhalta den Údarás);
    • Lorraine Lally (Comhalta den Údarás);
    • An Breitheamh John O’Connor (Comhalta Seachtrach);
    • John Gill (Comhalta Seachtrach);
    • Graham Richards (Comhalta Seachtrach).

Cód Iompair an Údaráis