Ábhar Imní a Chur in Iúl

Fáiltímid roimh fhaisnéis lena bhféadfaí a thabhairt le fios nach bhfuiltear ag comhlíonadh na nAchtanna Carthanas. I gcás go dtarraingítear saincheist anuas maidir le carthanas, díreoidh an Rialálaí Carthanas go príomha ar a fháil amach cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh sárú ar an dlí carthanas.

Is ar bhealach faoi rún a dhéileálfaidh an Rialálaí Carthanas le gach ábhar imní a chuirtear in iúl, faoi réir aon dualgas dlíthiúil a bheith air an t-ábhar imní a nochtadh, lena n-áirítear oibleagáidí faoin reachtaíocht Saorála Faisnéise agus faoin reachtaíocht Cosanta Sonraí.

Na hábhair imní ar féidir linn déileáil leo

  • I gcás go bhfuil riosca ann go bhfulaingeoidh carthanas, a shócmhainní nó a thairbhithe caillteanas suntasach nó go ndéanfar damáiste suntasach dóibh;
  • I gcás go ndearna iontaobhaithe carthanais sárú ar a ndualgais;
  • I gcás go bhfuil daoine atá i gceannas ar charthanas ciontach i mí-iompar tromchúiseach nó leanúnach;
  • I gcás nach gcomhlíonann carthanas an ceanglas dlíthiúil chun cáiliú mar charthanas (áirítear leis an gceanglas sin comhlachtaí a bhfuil cuspóirí carthanúla acu agus a ghníomhaíonn chun leas an phobail);
  • I gcás go bhféadfadh go mbeadh comhlacht ag cur i gcéill gur carthanas in Éirinn é nuair nach ea.

Na hábhair imní nach ndéileálfaimid leo

  • Ábhair nach mbaineann leis an dlí carthanas - mar shampla, saincheisteanna conartha fostaíochta;
  • Gníomhaíocht choiriúil - mar shampla, gadaíocht nó claonchasadh - is faoin nGarda Síochána a thagann na hábhair sin agus ba cheart iad a thuairisciú dó.  Is amhlaidh, áfach, gur mhaith linn faisnéis a fháil faoi aon ghníomh a rinne iontaobhaithe carthanais chun aghaidh a thabhairt ar ábhair den sórt sin;
  • Gearáin a bhaineann le seirbhísí a soláthraíonn carthanas iad – ba cheart gearáin den sórt sin a thuairisciú don charthanas lena mbaineann;
  • Díospóidí idir iontaobhaithe carthanais - mar shampla, díospóidí a bhaineann le cinnteoireacht amháin. Ba cheart díospóidí den sórt sin a réiteach ar bhonn inmheánach nó le tacaíocht ghairmiúil (mar shampla, trí idirghabhálaí).
  • Rialú a dhéanamh in aghaidh cinneadh ó iontaobhaithe carthanais, ar cinneadh é atá bailí agus a bhfuil sé de chumhacht ag na hiontaobhaithe é a dhéanamh.
  • Saincheisteanna a thagann faoi shainchúram rialálaithe eile;
  • Gearáin a bhaineann le cleachtais chruinnithe airgid - ba cheart iad a chur in iúl don charthanas ar an gcéad ásc.

Dá mba mhaith leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le hábhar imní, ní mór duit an fhoirm ábhar imní ar líne a chomhlánú

Mura bhfuil tú in ann an fhoirm ábhar imní a chomhlánú ar líne, déan teagmháil leis an duine seo a leanas:

Ábhair Imní faoi Charthanais
An Rialálaí Carthanas
3 Duga Sheoirse
An Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta
Baile Átha Cliath 1
D01 X5X0

Líne Theileafóin le haghaidh Ábhair Imní: 01-211 8650

 

Físeán - Conas Ábhar Imní a Chur in Iúl don Rialálaí Carthanas

Doiciméid Bheartais maidir le hÁbhair Imní

Tuarascáil maidir le Comhlíonadh

Ábhair imní a bhaineann le díol talún carthanais

Leagtar amach sa nóta ag an nasc thíos an ról atá ag an Rialálaí Carthanas i ndáil le díol talún ag carthanais. Tugtar faisnéis ann freisin do dhaoine a bhfuil ábhair imní acu faoi dhíol talún carthanais.